Saturday 28 September 2013

.....scéal na trí Micheálí......


                                                    

Is clúiteach ar fad I an sráid a bhfuil 'Great Homer Street' uirthi anseo i Learpholl, Sasana. Nil ann an lá atá inniu ach foirgnimh gno, siopaí agus margadh amuigh faoin spéir.....Fadó fadó agus m'athair in h-oige bhi an stráid sin ina tearmann idir dha phobail. Ar an dtaobh thoir theas bhí pobal 'caitliceach', ar an taobh a raibh nios congarach leis na duganna suite sa gceantar a raibh 'Vauxhall' air. Ar an taobh eile den sráide agus an talamh ag éirí suas mullach iseal bhí pobal eile ina chonaí, pobal 'protastúnach'. Ar bharr an mullaigh tá teampall sonrach, teampall Naoimh Seoirse onarbh fhéidir leat féach sios ar na duganna, is ar an phobal 'caitliceach' thios plodaithe ann, cois abhainn Mersey.....



I naoi deag a ceathair, bhí Michael Ravey/Reavey ina chónaí ar sráid gearr ag bun na mullaigh arbh Buckingham Street air. Bhí Micahel Ravey imo shin-seanathair - na céad den triú Micheáli sa scéal seo.



Bhí Micheál postaithe; Margaret Flannagan ainm ar a bhean cheile. Biodh go rugadh an bheirt acu i Learpholl, rugadh na tuismitheoirí ag Margaret i contae Máigh Eó, agus na tuismitheoirí ag Michael in contae an Dún. I caitheamh a shaoil, tugtar leasainm ar Michael sna sráideanna maguaird is sna tabheirní fresin. Mar 'Irish Mike' a bhí air!

Ar an thaobh thiar theas de Great Homer Street bhi John Ravey ina chónaí; bhí John is Michael ina dearthaireaca - Felix ar a n-athair. Biodh go raibh sin mar a bhí sé, nior meas ard ar Michael ona dearthaireaca nó deirfiúracha. Bhí dá fath don dimheas acu: sa céad fath a bhí toisc gur a bhí Michael ar meisce ó am go ham agus tharraing sé triobloid air féin ó na gardaí. Agus, nios measa ar chor ar bith, posadh na thrí mac ag Michael sa teampall protastunach in aice leis a mbaile i mBuckingham Street!.....

....ach bhí tragóid i ndán do Miichael.....A mhac is sine - John a bhí air - ag obair sa duga, maraíodh sé, bascaithe nuair lasta copair tite anuas ó crann tógála.....tharla é seo 1912 agus m'athair féin ina pháiste dhá bhliain d'aois. Shocraigh an tiarna talún an teaghlach a chaitheamh amach ona teach beag mar niorbh fhéidir leis an baintreach óg jab a fháil agua an cíos a íoc, agus trí leanaí aici. Shocraigh Michael  agus é fostaithe ina h-oibrí láimhe an cíos a íoc. D'aistrigh sé leis a h-inion, Nóra, agus a mhac, Felix, agus seo iad isteach i dteach mo sheanmháthar, Annie.

I 1914, chuaigh James Ravey, an dara mac ag Michael, san arm Sasanach, san reisimint Éireannach a bhi lonnaithe i Learpholl ag an tráth sin. Agus chuaigh Felix sa cabhlach cogaidh, agus é ina stócálaí ann. Ach, 1916, maraíodh James i bhFlanders; agus maraíodh Felix nuair a pléascadh an cathlong HMS Invincible i rith catha Jutland....

                     

                                an móimint dheireanach an cathloinge Invincible...agus móimint bháis Felix..

......bás maol b'é bás an bheirt acu, James is Felix, i cogadh caipitlíoch - mar a nduirt James Connolly.......I ndiaidh na tragoidí sin, agus sa bhliain céanna, fuair Nóra bás agus sí 23 bliain d'aois......Mar sin, san athbhlian 1917, seo Michael Ravey, ina bhaintreach (fuair Margaret bás sna 1890í), agus a ceithre leanaí ina mhairbh.....agus na mna cheile ag James is Felix ina baintreacha freisin....




B'fhéidir agóideach a raibh sé, an Michael Ravey seo agus uaireanta méisce ó ma go ham. Ach tá súil agam go féidir liom barróg a bhreith air, ansin sa Gairdín i Tír na nÓg - barróg a taispeánfaidh mo mheas is mo ghrá do fiú nach bhuail mé é go dtí seo......

Bhi mé thar a bheith aineolach faoi muintire m'athara agus mé i m'óige. Déanta na firinne, niorbh a fhíos agam go raibh Michael Ravey imo shin-seanathair ar chor ar bith! Nior a bhí mé in eolas ar James, ar Felix, nó ar Nóra.... Nach raibh ach seanchas beag ag m'athair go raibh as contae an nDún iad an munitir ag Michael; ach bhí sin sin. Ach tar éis bháis m'athara, thosaigh mé taighde a dhéanamh faoi a mhuintir. Agus thainig mé ar Michael mar sin-seanathair.....agus ar a bhean chéile.....agus ar firicí eile fá dtaobh diobh....agus ar Felix san áireamh......

Bhí Felix a raibh ar an athair ag Michael.....go rugadh Felix - agus a bhean chéile, Mary Magee freisin - 'in Ireland' de réir an daonáireamh.......agus go raibh Michael eile ar athair Felix -  rugadh an dara Michael seo comh maith le Felix i mBaile an Eanaigh, sa bparoiste Cluain Damh, i ndeisceart contae an Dún. Bhí dhá piosa talaimh ar cíos ag an Michael Ravy/Reavey/Ravey seo agus a mbionn an cuma céanna orthu an lá atá inniu mar go raibh dhá céad bhliain ó shin: '16A' is '16B' a bhfuil orthu sa léarscáil anseo.....

                                
D'inis col seisir a bhfuil agam dom ar na mallaibh go mbionn cuid beag den bhalla na sean-tí ann fós - fiú nach raibh sé ach i mballa cró beithioch!....

Is doigh liom go rugadh an Michael seo i 1792 agus go bhfuair se bás 1890, ach má a raibh aon nasc idir Michael agus Michael Óg, ní raibh aon lorg air sa tseanchas. Nil ach aon tagairt amháin eile ar Michael ó mBaile an Eanaigh, go marcálaigh sé achainí thrócaire ar cheann William Smith O'Brien, Gaelgeoir den scoth, i 1848.......

                                                

Agus tá tagairt do bhean a raibh ina conaí in Hilltown (in aice leis an baile fearainn, Baile an Eanaigh) ina beatha fós i 1863 a raibh a tuismitheoirí in gaelgeoirí duchais...... Leis sna dhá dtréithe - féiniúlacht mar Gaeil is tréith polaitiúil poblachtánach agoideach,  dhá dtréithe i croíthe na dhá Micheálí eile - a fuair mé an croí Riabhach!.....

.......agus an baint leis an traidisiúin Abrahámach, bunchloch an éabhloide ar fud na cruinne i mo thuairim: sin é dúil i gceartas is tú ag tnúth leis 'dlúth-ghrá' ar achan duine - as éadan a cheile. Is grá é a preabann ó foinse grá suite go domhain i do chorp is sa corp seo atá agam. Is sruth teasaí a cuireann sceitimíní athais trinn ó bhun go barr....B'é 'erotic justice' a thug diagaire Críostaí air.....'ceartas anghrách' é......Is buncloch mo fhealsunachta féin go mbionn  do chorp bog goilliúnach(agus an corp atá agam), d'intinn géarchúiseach (agus an intinn agamsa), agus an dúil domhan a bhfuil agat do dluthchairdeas (agus an dúil a mbionn agam ), an triú acu le chéile, a mbionn ar chroí an dúlra is ar croí an Dia Abraham.

Is mise an triú ceann de na trí Micheálí, gar i ngaol le chéile nach mbionn scartha ona chéile ach le dhá céad bliain....Na blaganna seo is mo bhlaganna as Béarla fresin is iad an cloch beg a cuirm ar an carn cuimneachain, i gcuimhne mo dhá Micheálí eile.....Go mbeannaí Dia doibh.....is duitse freisin!

Slán go fóillín!


.......mar focal scoir, amhrán a canadh leis m'athar, amhrán a chuala sé, is docha, ó Michael a sheanathair, agus é cumhach gan ach a bhféiniúlacht mar sólás.....







No comments:

Post a Comment