Wednesday 18 December 2013

Lá breithe mac Dé......

'S an amhrán is fearr liom faoin séasúr seo é an leagan nua as Gaelige ar an amhrán cluiteach le Shane McGown is Kirsty McColl......




Is maith liom é toisc go bhfuil sé áitithe i measc Gaeilgeoirí 'thar lear'.....go bhfuil pictúr réalaíoch ann fá dtaobh den céiliuradh mar a bhfuil sé de gnáth.....agus go bhfuil tagairt do 'lá breithe Mac Dé' sa loinneog.....

B'í Oíche Nollaig í
'S mé caochta óltach,
Dúirt seanfhear 'n aice liom,
Sí mo Nollaig dheireanach í.
'Sin thosaigh sé gabháil linn,
An 'Rare Old Mountain Dew'
Chrom mé mo cheann go ciúin
'S mé cuimhniú ortsa.


Nach orm a bhí an t-ádh
Tháinig sí isteach go breá
Airím istigh i mo chroí
Gur linn an bhliain seo romhainn
Ó Nollaig Shona dhuit,
Is tú mo Stóirín
Feabhsóidh rudaí fós
Amach romhainn atá sé

'S gear le bear iad na cairr
'S na habhainn lán le h-ór
Ach tá gáimh ghéar sa ngaoth
Ní haon áit í gan glór
Nuair a thóg tú mo lámh
ar ár gcead Nollaig riamh
Gheall tú dhom Broadway
a bheith romham ins an tSl
Bhí tú dathúil
Tá tú meabhrach
Banríon Nua Eabhrach

Ní raibh críoch leis an scléip
Bhí an chraic's spraoi thar barr
'Sinatra' ag swingeáil
Na cloig 's iad ag 'ringeáil,
Muid ag pógadh 's ag damhnsa
Gan imní faoin saol

Cóir an NYPD 's iad ag casagh 'Galway Bay',
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé.

Fear déirce gan rath
A shean stróinse gan mhaith
I do chrap ansin thall mar bheadh cailleach sa gclúid

A Sclíteach, a Chonúis,
'Chacsmuitín an donais
Nollaig Shona mo thóin
Faraoir gan é thart.

Cóir an NYPD 's iad ag casadh 'Galway Bay',
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé.

Bhí saol breá romhamsa
Nach breá an scéal agat é
Sciob tú mo bhrionglóid uaim
An chéad uair a chas mé ort

Tá siad agam i gconaí, a stór
I dtaisce i mo chroí
Na fág me 'nois a mhnaoi
'S tú bun's barr mo shaoilsa

'S cóir an NYPD 's iad ag casadh 'Galway Bay'
'S na cloig ag bualadh leo
Lá breith Mac Dé


....'pictúr réalaíoch ann fá dtaobh den céiliuradh mar a bhfuil sé de gnáth'?....T's a fhíos agat go bhfuil ceart agam fá dtaobh de....

Ach, is Criostaí mé; cá bhfuil an diagacht a oilte agam ann ón am agus mise i m'oige?....

Tá stair beag sa soiscéal faoi ceist a chuir Iosa dá chairde. Bhí sé ag gearán faoi go ndiúltaigh na daoine mór-le-rá a glacadh ni leis féin nó leis Seán a chol ceathar agus a teachtaireacht faoi ceartas is faoi grá don cosmhuintir.....

cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomporaid? cad leis ar cosúil iad? Tá siad leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile iad agus a deir:

'Rinneamar píobaireacht daoibh
ach ní dhéarna sibh rince;
rinneamar caoineadh,
ach ní dhéarna sibh gol.'

Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bhieth ag ithe aráin ná ag ól fiona, agus deir sibh: "Tá deamhan ann!" Tá mac an duine tagatha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: "Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.".....

'ag ithe is ag ól' a bhi sé......agus a mbionn le cóisir í chuir sé an saol eile i gcosúlacht. Is mar a mhinígh mé i mblág eile, bhí Íosa as Nazareth ina dhuine a raibh - is a mbíonn fós - an-compordach i comhluadar an cosmhuitire agus é páirteach a saol. Bhí sé - is a mbionn sé - 'mac an duine'!....

B'as leabhar sa Tanakh é an teideal seo, as leabhar 'Daniel'. Bhí Daniel ina h-aislingeach - na aislingí aige mar na aislingí faoi saoirse in Éireann fadó. Tá cuma an Meisias ar mac an duine san aisling; tá se ag feidhmiú ar son an cosmhuintir na creidmhígh agus glacann sé cumhacht ar an cruinne ó Dia, in ainm an pobail fuascailte. Ba mhaith leis Íosa an aisling ag Daniel chun a ghairm féin a mhiniú. Bhí dánta faoin aislingí le Daniel i mbéal na daoine....

Tá an teideal 'mac Dé' ina teideal ar an Meisias mar a gcéanna, agus é on leabhar sailm. Is Dia é a chuireann an teideal ar an rí idéalach. Níl ciall ann go bhfuil ina hathair 'nadúrach' ag an Meisias é an Dia Abrahámach. Ach is ina mhac Dé, é de bhrí go bhfuil an 'mac Dé' ina rí idéalach.......go cuireann an Dia Abrahámach an cruinne uile faoi údarás an pobail Meisianach. Agus cuireann sé sin leis an éabhlóid-réabhlóideach a chur chun cinn.

Bíonn an beirt teideal acu ina teidil ar rogha fós leis pearsantachta ag Íosa a soiléiriú.....an Meisias é....Ach, faraor, a mbíonn an diagacht críostaí faoi tionchar nimhiúil na h-agóidí diagagachta san ceathrú aois!....

Rinne muid dearmad go raibh dhá saolta críostaí san Eorpa ag an am sin: i measc treibheanna Gearmánaigh, bhí mórán an uasalaicme faoi tionchar Arius; ach i measc daoine a raibh faoi smacht impiriúil bhí diagacht Laidineach-Gréagach i réim. Tugadh 'caitliceach' ar an diagacht seo in Iarthar Eorpa. Smaoinigh an beirt dream acu go raibh 'diaga' é Íosa as Nazareth: ón tsioraíocht de réir na Laidinigh, ach crúthaíodh é le Dia de réir na hÁirisígh....

Is é mo thuairim go raibh diagacht na Áirisigh níos congarach don diagacht sa dTanakh is leis diagacht Críostaí-Giúdach ná go raibh an diagacht impiriúil. (Tanakh: 'Dlí-Faidhithe-Scríbhinní', an Bíobla, san Eabhrais) Tá sé  níos congarach freisin don diagacht Abrahámach sa Córan. De bhrí sin, tá muinin agam an diagacht impiriúil a chur ar leataobh, agus mé na scríbhinní soiscéalí a léamh is mo mharana a déanamh orthu go direach.

Ní thuigim ar chor ar bíth an diagacht casta ag na Laidinigh gur 'comhshustainteach' é, Íosa as Nazareth leis an Dia Abraham.....an dtig tú í?...nó faoi 'trí pearsaí ach aon Dia amháin'.....an dtig tú é ach oiread?.....Thairis sin, is scannal í an diagacht seo do na creidmhigh Abrahámach eile - do na Giúdaigh, do na Musalmaigh.

Dá bhrí sin, glacaim Íosa as Nazareth - é aiséirithe óna mairbh - ina mhac Dé/mhac an duine/mhac Dháibhí - sin é go shimplí: an Meisias. Agus glacaim leis an soiscéal/nollaig nach bhfuil aon teorainn druidte do cearta daonna, d'anghrá.....Dá bhrí sin, 's fhéidir liom na carúil Nollag a chanadh gan bac a chur ar mo dtuiscint - bac ón diagacht impiriúil - ar do thuiscint sa saol atá inniu ann!.....'S féidir liom Íosa aiséirithe óna mhairbh ina laoch, imo ghile mear, inár gile mear a chéiliúradh!...

Agus mé imo lapadán, chas m'athair amhrán seacibíteach mar suantraí!.......dhá céad bliain tar éis 'an daichead is cuige' (1745) agus na cireibeacha frith-'caitliceacha'/frith-seacibiteacha anseo i Learpholl, bhí athair éreannach-learpholltach ag chur a leanaí chun suain leis amhrán faoi Searlas Éadbhard Stiobhard, an ghile mear!...Is mar sin atáim ag canadh faoin 'mac Dé' sna caruil na Nollag...

..ach tá difríocht an-tabhachtach ann: nílim ag canadh faoin laoch ina mharbh le céadta. An laoch seo, Íosa as Nazareth, tá sé ina bheatha fós. Níl a fhíos agam conas is féidir é. Go shimplí, rinne mé rogha na scríbhinní soscéalaí a gcreidiunt. Rinne mé rogha a chreidiunt go bhfuil Íosa-aiséirithe in aice linn achan lá agus sinn ag taisteal ar an ród; i  dáirithe a bhfuil sé in aice linn agus sinn inár páirteach san eocairist le cheile, agus in achan áit agus achan uair a bhfuilimd ár ndicheall a dhéanamh leis an réabhlóid Abrahámach - idirnaisiúnta is buan - a chur chun cinn....

Sin an fáth é gur is féidir liom an féile impiriúil 'lá breith Mac Dé' a cheiliúradh gan fiminteacht mar go bhfuil Íosa imo ghile mear!........


'Se mo laoch mo ghile mear        
'Se mo chaesar, ghile mear         
Ni fhuaras fein aon suan ar sean              
O chuaigh i gcein mo ghile mear               
                 
Bimse buan ar buairt gach lo      
Ag gui go crua 's ag tuar na ndeor             
Mar scaoileadh uainn an buachaill beo  
'S na riomhtar tuairisc uaidh, mo bhron 
                 
Ni haoibhinn cuach ba suairc ar ndeoin  
Taid fiorchaoin uasal ar uaithne sport     
Taid saoite suaite i mhuairt 's i mbron    
O scaoileadh uainn an buachaill beo       
                 
Nil seis go suairc ar chruachruit ceoil       
Ta an eigse i ngruaim gan uaim na meabhair       
Taid beathaithe buan ar buairt gach lo   
O thearnaigh uainn an buachaill beo       
                 
Ni mhaoifad fein ce he mo stor 
Ta insint sceal ina dhiaigh go leor              
Ach guim chuigh m'aon mhic de na gcomhacht  

Go dteigh mo laoch gan baol beo

Nollaig sona duitse, a chara!

; D xxx.........................................XXX.........................................................................................x!

1 comment:

  1. Tá mo chuid geasa deartha chun cabhrú leat do chás a athrú le do pháirtí. Stop Colscaradh, Deisigh Pósadh, Beir Ar ais Caillte Grá Caillte, geasa Ceangailteacha, Ráta ratha 100%. eolas teagmhála: templeofanswer@hotmail.co.uk / +2348155 425481

    ReplyDelete