Thursday 27 February 2014

teachtaireacht do Chairdinéal......

D'fhoilsigh mé níos go luath inniu, mo bhlág is déanaí as Béarla. Thug mé fogra ann fá dtaobh de moladh ar suíomh 'Gaelige Amháin' (Facebook). Do mhol cara Gaeil dom Gaelige a chur air......'s déanfar rud air!...

téideal: 'Vin Nicholls.... Cairdinéal. Smaointe....teachtaireacht.....'

Tá sé ina chairdinéal anois, Vin Nicholls.....a h-uaillmhian curtha i gníomh - mar a deirtear....

                                           
                 


....thainig an boc seo i dtír, cinnte!....'priosnsa na hEaglais' mar a deirtear!.... Ba maolaíthe é an meas ag an eagarthóir ar Vin, sa nuachtáin seachtainiúil, The Tablet, Dé Aoine seo caite, áfach. Do scríobh sí go mbíonn 'something of the Liverpool bruiser' ann. Ba rud greannmhar é, an ciall sna focail.....'S doigh liom gur bhfearr fear balcaire bulaí le Catherine Pepinster mar dlúthcara dí b'fhéidir!.....Rinne iristheoirí eile tagairtí do tacaíocht a tugann Vin do club peile, Liverpool FC.....

Mar sin féin, 's cuimhne an-ghalanta agam ar Vin - é ina fhear cineálta, tarraingteach, ach géarchúiseach mar gheall ar polaitíocht fá dtaobh den maorlathas san 'Eaglais' (idir uaschamóga chun a ionannas leis an aicme cléiriúil a thaispeáint!) is i rialtas áitiúil freisin.....'S mo thuairim é go mbionn dhá dhóigh chun oibre tacaíochta don phobal a dhéanamh. Tosaíonn aon acu ó riachtanais sa rialtas lárnach chun an pobail a heagrú; tosaíonn an ceann eile ó riachtanais bunusacha éilithe ag pobail áirithe nó ag grúpaí áirithe ina measc. D'oibrigh Vin chun riachtanais ag an maorlathas a shásamh.....

I codarsnacht le Vin.....seo anseo, Jayne Van de Berg Owens......


....í ina sagart Anglicánach ag obair anseo i Kirkby. Oibríonn Jayne ón taobh istigh an phobail.....(Facebook: The Church in the Centre....as Béarla).....

Bhí Jayne ina dalta scoile agus mé imo shéiplíneach sa meánscoil sa ceantar sna 70idí......Agus 40 bliain ó shin, seo í ina sagart i measc an pobail céanna a raibh mé ag obair leo ansin!.....Léigh sí ar na mallaibh, an leabhar a scríobh mé - foilsithe i 2007. Sa leabhar (Emily and the Mystagogue, as Béarla....ar 'amazon') bhí sagart ann (Michael is ainm dó!)  a cuireann litreacha do Emily chun áiteamh a chur ar an bean óg den ceantar iarratas a dhéanamh go rinneadh sagart dí.

Ag an am sin - 2007 - níorbh a fhios agam go raibh Jayne ag ullmhucháin a dhéanamh sagart dí nó go mbeadh sí ag obair i Kirkby. Do ghlac mé teachtaireacht, áfach, ar Facebook ina raibh tagairt do 'The Church in the Centre' ann is do bean-sagart a ina treoraí aige. Do scríobh mé dí agus thug sí cuireadh dom le bualadh lei. Agus chaith mé cupla uair agus sinn obair sagartóireachta i Kirkby ag phlé.

Is thar a bheith an-tabhachtach na rudaí a fholaigh me sa comhrá sin......

Is láithreacht simplí é an 'Church in the Centre', lonnaithe i measc siopaí i lár an baile againn.......

                                      

Tá caife ann agus siopa carthanachta freisin. Ó an go h-am, i lár céiliúraidh féile ann, miníonn Jayne an paidir eocairisteach don chomhluadar  is é a dtugann  sí isteach sa céiliúradh; roinníonn sí an arán eocairisteach agus an fíon coisricthe ina measc, gan bacadh seicteach. Creideann Jayne go dian go mbíonn rian guíonna simplí i saol na cosmhuitire i Learpholl, go creideann siad (sinne, freisin!) sa saol eile, 'áit' a mbíonn ár sinsir ina gconaí. Agus tá ceart aici, cinnte, ó rith mo bhearta anseo.....

Ach níos tabhachtach, amach is amach, is mar seo é an doigh praiticiúil le tús a chur leis an réabhlóid Abrahámch i measc na 'ciníocha', mar a deirtear sa Tanakh is sna scríbhinní soiscéalacha. 'S cine, sinne, an pobal Éireannach-Learphollach!  'S ón 'comhrá' seo, idir an pobal is Jayne, a fásfaidh féin-mhuinín sa cosmhuitir, san aicme a mbíonn drochmheas air, sa pobal a bhfuil ár fréamhaca sa tubaiste an Gorta Mór. 'S ann a gheobhaidh muid an fuinneamh ár cearta daonna a éileamh, mar pobal.....

a Vhin, a chara!

Botún a rinne tú agus tú ag socrú a dhéanamh an dreimire cléiriúil maorlathach a dreapadh. Ba mhór an meancóg é! B'fhearr é dá fanfadh tú i Learpholl agus do scileanna a h-udaideodh chun ár muintir Éireannach-Learphollach a chuidiú ár féinmheas a athfháil.......

An chéad uair eile a mbeidh tú i Learpholl, cen fáth nach dtugann tú cuairt ar Jayne - sagart mar a mbíonn tú, is mise freisin. B'fheidir go dtuigfidh tú go ndéan tú rogha den taobh contráilte den bealach fadó agus tú ido shagart simplí mar a bhfulimid, Jayne is (tá súil agam!) mise fós! 

Tar ar ais do Learpholl Lou!  

Maidhc    




Slán go fóillín!


; D xxxx...........................................................xx.........................x...................................XXX

No comments:

Post a Comment