Saturday 19 April 2014

....teachtaireacht na Casca......

Foilsionn achan mac mathar a theactaireacht na Casca....Cén fáth nach thúsa....nó mise?...

....dá bhrí sin: ar aghaidh linn!....

Bhí cuairt ar na mallaibh ag Micheál D go Sasain.....Bhuel, níl sé go beacht; mar a h-eitil an eitleán uachtaráin thart thar Learpholl ó dheas go Londain chun bualadh le Lizzie Windsor (Saxe-Coburg)...

                                                           

Bhí ceolchoirm in urraim do Micheál D san Albert Hall, le linn an cuairte; ba 'Ceiliúradh' a raibh ainm air - as Gaeilge. D'féach mé ar taifeadadh sleachta uaidh ar an BBC iplayer. Níor choinnigh an eagarthóir ach aon amhráin as Gaeilge ann is ach cupla focal as le cois. Ní raibh 'Ceiliúriúradh' cultúir Gaelach ann ar chor ar bíth, ach ceiliúradh 'Éireannachais', agus sin as Béarla le blás an oileáin 'Éire' air....ceiliúradh Éireannachais na caogaidí....ag na imircigh i Londain sa ré sin.....banaltraí is tógálaithe...

Bhí díomá an-mhór orm faoi, amach is amach.....fiú déistin orm.....ba dearg le fearg mise agus táimse dearg le fearg fós....In áit glórtha ag na daoine ar an stáitse, do bhraith mé ina áit macallí pianmhara ann: ina measc, macalla glóir mo shin-seanathar - 'Irish Mike', an leasainm air sa ceantar Kirkdale anseo i Learpholl, aon as na 'trí Mhicilí' a scríobh mé i mblág eile fúinn....Chuala mé macallí glórtha mo sheauncailí, básaithí sa cogadh, i 1916...... agus macalla glóir mo seanaitin, Norah, a fuair bás den bochtanas sa bliain céanna...... Agus cluinim a macalli céanna i ngach áit imo thimpeall anseo, inniu, san blás Learphollach céanna, uaireanta garbh, uaireanta caoin, bog, mealltach....'éireannach'....anseo ar immeall 'measulachta' agus inár daoine den aicme is isle fós mar a mbímid i gcónaí.....

Ni raibh tagairt ar bíth fuinn i rith cuairte an uachtaráin.....Mar bhí cuairt ann ag duine den maorlathas Stáit a mbíonn ina h-oidhrí ag na córas a aiseag sinn as Éirinn is isteach sna slumaí suaracha, san am an Drochsaoil.....Diúltaíonn siad go deo go raibh sreang an imleacain ag ár máthair mar a gcéanna leis a imleacán féin. 'S fearr leo a bheith an-mhór leis na daoine mór-le-rá sa bhunú polaitiúil Sasanach agus a sult a bhaint as an cultúr Coca Cóla na mbéarlóirí trasna an domhain.....

....ach amháin sa saol seo! Tá an saol eile in aice linn fós....

Lá an aiséirí.....Lá ina ceiliúraimid cothrom na féinne.....ceiliúraimd go mbímid fós páirteach sa 'saol eile'....

Tógadh Íosa as Nazareth suas i ceantar leath-phagánach, 'Gailíl na ciníocha' a tugadh air. Is desna ciníocha' sinne...

Bíonn béim ar 'dilseacht' don traidisiún eiseach sa Bíobla is sa Córan - ni raibh eagnaíocht ar bíth ag na 'ciníocha' faoi an saol eile, mar shampla. Níl sé mar a gcéanna sna scríbhinní soiscéalaí. Lá an aiséirí chuaigh Íosa go Gailíl chun a chairde a chur amach le teachtaireacht: on lá seo amach 's féidir muinín a bheith as na ciníocha san eagna féin faoin saol eile, faoi chothram na Féinne is faoi anghra.....

......mar a mbíonn an eagna fite fuaite leis ár traidisiún gaelach .....is le cianta cairbreacha roimh teacht Pádraig!....Sa traidisiún 'pagánach' sin, tá' a fhíos againn gur féidir leis na sinsir a bheith i dteagmhail le moran daoine eile ag an am céanna, mar shampla sa gnáthshaol anseo....in aice liom anseo is in aice leat ansin! Níl Tír na hÓige ina fhantasaíocht, ina cluain a cuirimid orainn féin ar eagla roimh a mbás......Is ábhartha é!...agus is ann a mbíonn siad, ár sinsir féin.

Tá a fhios againn go bhfuil sé fíor, toisc:

                                                            D'éirigh sé!

Ach d'ainneoin go bhfuil siad, mo shinsir, in aice liom anseo, is i bhfad uaim siad ag an am céanna. Dá bhrí sin, tá tnuth agam leis comhrá a thabhairt, aghaidh ar aghaidh, do Felix Ó Riabhaigh is le Máire Mag Aoidh (iad ina tuismitheoirí ag an Micheál Ó Riabhaigh eile, ina imircigh anseo sa Drochshaol) ......

'S cinnte  freisin é go feicfidh mé go bhfuil ceartas a bheith acu faoi deireadh agus ag an milliún macasamhla dibrithe as a dtalamh i rith ama an Drochsaoil is ag an milliún ina marbh ar gach cosán. Feicfidh mé iad ina óige aris, ina coirp áille, mealltacha, láidre......

Ní gá dom le uachtarán nó le banríon nó le Papa nó le paitriarc eile imo theaglach féin, san eaglais, sa Stát......ní gá duitse leo ach oiread....Bíonn ár muintir, ár pobal linn!......iad ina beo i dTír na hÓige.....dairire.....cinnte......Toisc go d'éirigh sé!  ...agus eireoimid leosan freisin.....inár Gaeilgeoirí mar gheall ar ceartas, mar gheall ar anghrá....is mar gheall ar ár dteanga féin....

Ná lígimis tóna na paitriarcaí níos mó.....Bhí Éirí Amach ag an Cáisc anallod; ná bímis ag líreac ar aon maorlathas - éireannach nó gallda - a mian leo go ndéanaimid dearmad ar an firiine nach fiú é an saoire gan teanga. Cinnte, ní fiú an aiséirí faic gan an teanga......ní an Éirí Amach ach oiread.....Is ina dúshlán é an teachtaireacht na Cásca, ina dhúshlán d'achan impireacht in achan áit sa domhain. Déanaimis tús leis inár Gaeilgeoirí, dearga le fearg!


.

No comments:

Post a Comment