Thursday 14 August 2014

'S álainn an colainn atá agat, an colainn a mbíonn thú

Chaith mé an tráthnóna inniu ag feistiú ábhar ealaine a raibh bunoscionn ar an urlár sa seomra staidéir sa teach anseo. Do bhí pionsailí is pinn ann, is scuaba phéinteála in éineacht leo, achan rud meascaithe le chéile; agus bhí leabhair sceitseála ann, i dteannta le sceitsí aonaira freisin.....

Bhí sceitsí ann ar tharraing mé agus sinn ar laethanta saoire i rith tríocha bliain 's dócha. Ach bhí sceitsí ar tharraing mé nuair a bhí mé ag freastal ar cupla cúrsa i liníocht, cinn acu ar liniocht go ginearálta, cinn eile acu chun feabhsaithe a chur ar liniocht an figiúir daonna lomnocht.....

                                         

'S é mo thuairim go mbíonn liniocht de achan tsort - ábhar neamhbheo is radharc tíre ina measc - nascaithe leis ár grá don colainn daonna is leis a draíocht. 'S é mo thuairim freisin - agus is thuairim é a fuair mé ó muintir ealaine - nach ionainn meas is léirthuiscint iomlán ar daoine eile gan an radharc dian is angrach a bhfuil fite fuite leis radharc an línitheora.

Níl se ina radharc éigneach é mo radharc ortsa, mo chara, ach ina radharc lán d'ionadh is de ghrá duit.....

Níl eolas agam ar aon amhrán as Gaeilge arbh fhéidir an tuiscint an-shimplí sin an mothúchán ceanúil seo ach an amhrán cailiúil seo as Béarla....




......ach is ó hanghrá é, an radharc seo, do achan duine a buailim leis/léi (do 'every-body' mar a deirtear go hoiriúnach i mBéarla) .....Is achan liniocht a dearaim ina h-aon chéim eile é chun an grá seo, an anghrá seo, a fheabhsú, mo ghrá duitse a fheabhsú.

....agus cuireann sé, an tuairim seo, bunoscionn, achan comhairle cléiriúil ar dtugadh duinn is sinn inár n-oige, nach ea?....Bhuel, sea, cinnte! Bhun siad, an cléir, an tuairim contrártha a bhí acu ar briathra ag Íosa as Nazareth, ar briathra mar:

...agus más siocair duit do shúil, caith uait í; is fearr duit a bheith le leathshúil ag dul isteach i ríocht Dé ná andá shúil a bheith agat agus tú a chaitheamh in ifreann (marc 9:47)....is

Chuala sibh go ndúradh: 'Ná déan adhaltranas.' 
Ach is a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí....(matha 5:27).

Ach is míthuiscint amach is amach é an chiall a bhaineann siad as na briathra seo....

B'Íosa ag caint faoi rún chun banéigin a dhéanamh, agus sin i chomhthéacs inár raibh ach trí 'fheidhmeanna' amháin ag an bhean: í a bheith ina máthair, í a bheith ina bean chéile collaí ag aon fear amháin, agus í a bheith ina cailín aimsire dó. Níl sé san am faoi láthair de réir an dlí i cultúr san Oirthear - ar a laghad de réir teoríce agus 's cinnte é de réir meoin na ban Éireannaigh-Learphollacha!.....

Tá radharc ag na mna seo ina radharc ag daoine a mbíonn compordacha ina colainn féin is a bhaineann sult as amharc gan cotadh ar colainn ag daoine eile, cibé acu a amharcóidís ar mna nó ar fir....

Taispeánann sibh, a mna na hÉireann, an sult seo i ríth bhur saoil,  mar go simplí agus sibh ag gléasadh is ag maisiú sibh féin roimh dul ag siopadóireacht nó roimh a bheith páirteach i cóisir. Is i rith an cóisire, tá sibh ag damhsa, gan curam....mar go damhsfaidh muid le chéile i bParthas!






Gura lúcháir is grá a bheith libh inniu is choiche.....is gura mé i bhur gcomhluadar go deo!.....

xxxxxxxxx


No comments:

Post a Comment