Friday 19 September 2014

Cén fáth a mbíonn gráin liom leis an 'UK'.....

Tá díomá an-mhór orm fá dtaobh den toradh ar an reifreann san Albain inniu. Ach níl iontas orm ann. Mar chuir an bunú Briotanach/Sasanach imeagla i croíthe duine na méan-aicme is na seandaoine go dtarraingeofaí acmhainní i gcúrsaí gnó dá vótálóidis siad i fabhar le neamhspléachas. Do thug na boic móra as Westminster - Dáibhí, Nick, is an Dáibhí eile - cuairt ar na hAlbanaigh go direach roimh an vóta.....

                                                               
                                             

...leis gealltanais folamha faoi 'DevoMax' - an dílarú is mó.....

'Folamha'? ...Cinnte! Dé bhrí nárbh aontóidis leo ar chor ar bíth na cúlbinseoirí acu i Parliament Westmister....

Agus bhí claonadh nimheanta ag an BBC in aghaidh neamhspléachais mar ba léir é óna tráchtaire polaitiúil Nick Robinson.....

                                               
Ní bheidh muinín agam sa BBC arís, ariamh.....

Ach mar is léir óna scribhínní le Michel Foucault.......

                                                                                                        

is le Franz Fanon....  

                                                                                                          

is leis Émile Durkheim.....

                                              

nach bhfuil leis airm amháin a cuirtear cumhacht polaitiúil leatromach i fheidhm. Oibrionn sé trí struchtúir an Stáit, tríd an riarchán aige, is trí 'cultúr' - sin é, 'conas a mbainimid, sinne, úsáid as nithe' i gcoitinne.

Is ina struchtúr leatromach coilíneach é an 'UK', curtha orainn sna hoileáin seo i dtús báire chun earraí is seirbhísí a sholáthar dosna tiarnaí talún, dosna daoine gnó is tráchtáila - na meán aicme is na h-uaslathaí - i cumhacht i Sasana. Níor raibh sé 'aontacht Stáit' mar a bhfuil i réim sna Stáit Aontaithe i Meiricea. Níl sé ach structúr chun tairbhe do Sasana i gcoitinne agus do Londain go háirithe....

Bionn gráin an-mhór agam ní ar na Sasanigh ina daoine, ach ar an 'UK' ina struchtúr agus ar an cultúr a bhfuil bainte leis.....

mar shampla:



.....agus is Sasana amháin a bhfuil an 'mighty nation'!

Ina háit canaimis inniu, d'áirithe inniu:




ALBAIN ABÚ is Albain neamhspléach, sóisialaí.....is Gaelach!


                                     

Beirimis bua!

Slán go fóillín!

: D xxx...............................xxxx..............................................xxxxx...................................XX..x

1 comment: