Sunday 19 October 2014

An Cloch Mór ar an paidrín

Go traidisiúnta, is mí-an-paidrín í mí Deiridh Fomhair sna pobail caitliceacha.....De bhrí sin, tá cuimhin liom ar mo mháthair, Síle.....

Faraor nach choinnigh mé na litreacha a chuir sí chugam agus mé imo mhac léinn sa cliarscoil......Ní chuimin liom ach cupla rud a scríobh sí iontu...... Mar shampla bhí sé scanraithe uaireannta toisc scriobh mé dí fá dtaobh de marcaíocht ar rothar a rinne mé sna lánaí beaga faoin tuath sa ceantar i dtimpeall an cliarscoile. Fiú an lá inniu agus mé ag marcaíocht ar rothar táim ag macnamh fós faoin imní a bhí uirthi caoga bliain ó shin!

                                               

Níl ach cupla grianghraf agam uirthi.....Seo an teaglach iomlán, glacaithe i 1950, b'fhéidir.....

Fuair sí bás i 1965 agus í ach 55 bliana d'aois. Síle Nic Cráith a bhí uirthi roimh a posadh do Jim Ravey d'aineoinn go togadh sé suas ina 'phrotastúnach'. Ba cinneadh ceannairceach é i teaglaigh Caitliceacha, Éireannach-Learphollach sna tríochaídí!....'S doigh liom gur bhfios aici go raibh mé imo rheibiliúnach den tsort freisin! Bainfeadh sí taitneamh as mo h-oirniú (1967) cinnte; ach bheadh díomá mór uirthi agus mé ag éirí as seirbhís don Ard-deiose (1979). Mar sin féin, ansin i bParthas, tá tuiscint iomlán aici faoi anois....Ar aon nós táim ag caint lei faoi go minic!....agus t'fhios aici go mbíonn grá agam dí is go cumha orm ina diaidh fós......

'S cuimhin liom achan lá dhá comhairle a thug sí dom go minic sna litreacha a scríobh sí chugam: an chéad ceann acu - as Béarla - 'Work well, pray well, play well!'. Agus - an dara comhairle - an paidrín a rá.....Agus, caoga mbliana tar éis a báis, is an paidrín é an chéad urnaí a deirim achan lá, go luath agus mé imo dhuiseacht......Ach is athraithe é amach is amach an doigh ina deirim é san am faoi láthair. Deirim an paidrín anois agus mé imo rheibiliúnach Abrahamch! Ba maith liom an doigh seo a páirteadh leatsa - agus lei - sa blág seo anocht.....

'paidrín' - focal ait é nach ea?....Is 'pater noster' (ár n-athair) é an fréamh aige, ina thagairt do athrá ar an urnaí soiscéalach i ríth aithris an paidrín.

go naomha d'ainm - 'ainm' sin é na aitreabúidí ag Dia Abrahámach sa Torah, go háirithe agus é ina fhuascailteoir ón smacht brúidiúil paitriarcach...

go dtaga do ríocht...go ndéantar do thoil ar an talamh mar a ndéantar ar neamh: 'toil Dé' - ceartas is anghrá a bhunú trasna an domhain...

Níl ina dheabhóid do Mháire é an paidrín ach do Dhia féin.

Níl sé ina dhoigh urnaí Críostaí faoi leith é ach oiread. Ba den bunus Áiseach ón tríú aois roimh an ré críostá é an doigh seo leis urnaí a rá. Ach leis an urnaí 'jihadeach' ag Íosa as  Nazareth a bhaintear an leagan Críostaí....Mar sin féin, bhain an Críostaíocht impiriúil usaid as an paidrín chun béim a chur umhlaíochta a bhfostú don mhíthuiscint ar friotal 'mac dé' sa 'teideal' ar dtugtar ar Íosa as Nazareth sna scríbhinní soicéalacha.

Bhí scoilt an-mhór trasna impireachta sa ceathrú aois idir diagairí ar dearbhaigh go mbíonn Íosa ina Dhia de réir nádúir agus diagairí a dearbhú níor 'mac Dé' ach ina theideal air. Thaobhaigh an Impire Constantín leis an chéad cheann acu. Aithrisimid an Chré Constantíneach/Nícé i ríth an Eocairiste  achan Domhnach fós!....Ach, dhá chéad bliana níos déanai tugadh an Corán don fháidh Mahamad ina bhfuil dearbhú dianseasmhach Abrahámach nach mbíonn ach aon Dia amháin agus é/í gan páirtí comhionann leis/lei féin. 

Is shirk (as Araibisشرك‎ širk) é ina an pheaca ildiachais  sin é, Dia a dhéanamh de duine ar bith nó de rud ar bith ach an aon Dia amháin,  Allah (Araibisالله).....go cruinn, 'páirtithe a chur ar comhchéim le Dia' a bhfuil an suailce 'tawhid'  contrartha do....توحيد‎ tawḥīd: aontacht......

.....ach, faraor, bhí bua ag an diagacht impiriúil i measc na Críostaí agus rinne na diagairí impiriúila mí-usaid as an Chré ag Constantín chun gáire catha i gcoinne na Muslamaigh a dhéanamh. Chur siad teideal Θεοτόκος ar Máire - rugadh Dia dí - a mbionn rud diamhaslach leis achan creidmheach Abrahámach eile. 

Mar shampla, bhí cath cabhlaigh cinniúnach idir an Naomh-Impireacht Rómhánach agus an Impireacht Otamánach i 1571 (Ré Críostaí) ag Lepanto.....
                                         

                                                       
Dearbhaigh na Críostaí go raibh bua acu de bharr idirghuí le 'Máire ag an Paidrín'......

                                                      

Tá ceiliúradh feile  faoi san 'Eaglais' Caitliceach, achan bliain ar 7 Deireadh Fomhair, cothrom lae an catha ag Lepanto: Lá Feile an Paidrín Naofa a dtugtar air. Agus is dá bhrí sin go bhfuil tedeal 'mí an paidrín' air. Taispeánaítear Máire mar Banimpire san iomha seo. 'S an-fhada é ó: an isle a bhanóglaigh mar cuireann sí sios uirthi féin sa soiscéil! 

Athneartaíonn go runda is go domhain an paidrin impiriúil, mothúcháin naimhdis i gcoinne achan duine a shéanann an teideal  Θεοτόκος ar Máire - na Muslamaigh ina measc. Ach níl ach ina leithscéal é  - an diagacht impiriúil - chun cogadh a bhfearadh  (san cogadh i gcoinne sceimhlithe, an buamail ar an Stát Ioslamach (Daʿesh/داعش/IS....  الدولة الإسلامية ad-Dawlah al-Islāmīyah) leis an realpolitik ag an Iarthar a chur chun cinn.....

Dá bhrí sin, agus mé ag rá an paidrín inniu , cuirim béim ann ar aontacht Dé ann agus - ar an cloch is mó ar an paidrín -  cuirim béim ar aithne ag Íosa as Nazareth, agus é éirithe óna mairbh, leis ár ndicheall a dhéanamh le 'ríochta Dé' a chur chun cinn  go ndéantar (sé)an talamh mar atá sé ar Neamh.....sin é, chun béime a chur ar جهاد‎ ǧihād..... 

Agus chun luachanna soicéalach a chosaint, cuirim an friotal máthair Críost in ionad máthair Dé ar achan cloch beag.....Tá orainn, Críostaí, an paidrín fíor - Abrahamach, réabhlóideach - a rá achan lá. Teastaíonn iomhanna nua a chur ar achan deichniúr de réir céille a mbíonn orthu sna scríbhinnI soiscéalacha is gan an meachán breise ón diagacht impiriúil, frith-Mhoslamach.....

'S ina Dhia anghrách é an Dia Abraham...... Bíonn sé/sí i ngrá leat, i ngrá liom, i ngrá leis ár pobal Gaelach, is i ngrá leis achan pobal trasna an domhain....Agus roghnaigh sí/sé achan creidmheach Abrahámach (Giúdach, Críostaí, Moslamach) chun ceartais is grá  a dhéanamh mar bunsráith faoinár comhluadar le chéile. Roghnaigh sí/sé sinn chun jahiliyya a scríosadh agus a ríocht a chur ina h-ionad.....agus ár ndicheall a dhéanamh dá chun cinn....'ár ndicheall a dhéanamh'?......sin é: جهاد ǧihād  a dhéanamh......




"Athair Ar Neamh"

Athair ar neamh, Dia linn
Athair ar neamh, Dia liom
M'anam, mo chroi, mo ghloir
Moladh duit a Dhia

Fada an la, go samh
Fada an oiche, gan gruaim
Aoibhneas, athas, gra
Moladh duit a Dhia

Moraim thu, o la go la
Moraim thu, o oiche go hoiche

Athair ar neamh, Dia linn
Athair ar neamh, Dia liom
An ghealach, an ghriain, an ghaoth
Moladh duit a Dhia

[Translation]

Father in Heaven, God bless us
Father in Heaven, God bless me
My soul, my heart, my glory
Praise be to you, oh God

Long is the peaceful day
Long is the night without gloom
Wonder, joy, love
Praise be to you, oh God

I praise you from day to day
I praise you night after night

Father in Heaven, God bless us
Father in Heaven, God bless me
The moon, the sun, the wind
Praise be to you, oh God

An réabhlóid Abrahámach abú!

Slán go fóillín....

; D x..............................xx................................xxx.........................................xxxx.....................XX..x

No comments:

Post a Comment