Sunday 2 August 2015

An Gaeilge: uirlis réabhlóideach nó caitheamh aimsire leis an meán-aicme?.....


'S an-fheargach mise, feargach thar fóir....

Bhruchtaigh an fhearg seo amach asam agus an bothar tugtha dom an 7 Iúil 1965....Le trí bliana roimhe bhí post agam imo bhall de fhoireann ar riaraigh an saol laethúil ag na macléinn is óige sa cléirscoil caitliceach; Upholland College dtugadh air.

                                        Image result for upholland college pics

Le cupla bliain roimhe chuaigh mé chun bheith míshásta leis an córas arbh orainn ina baill den fhoireann a bheith freagrach air. Ba tar éis sochraide mo mháthar, Síle, 7 Iúil 1965, áfach, gur duradh liom nach mbeadh call ar bith agam mar bhall den foireann níos mó.....'S dóigh liom inniu gur mo mheon agóideach é an fáth na mí-shástachta liomsa - níor aontaim leis an 'polasaithe' ag an sagart-stiúrthóir ann....

Uain cinniúnach dom a ba é; nach oiriúnach don mhaorlathas cléiriúil an meon a raibh ionam agus ba ón meon neamh-mhothálach mhaorlathach é uair tar éis sochraide mo mháthara a roghnú chun bat is bothar a thabhairt dom! Mar sin féin, lean mé ar aghaidh leis mo léinn agus rinneadh sagart díom 20 mí Bealtaine '67......

                                    Image result for upholland college pics
                                                             an ceathrar ón chlé, líne deiridh

 Mí Lúnasa '67, cheapadh mé imo shagart chúnta i Kirkby, Learpholl, áit ina mbím imo chónaí fós, imo shagart fós, cinnte, ach lasmuigh den maorlathas cléiriúil.....Bhí cleachtadh againn (sa foireann sagairt) ag an tráth sin, cuairteanna de réir eagrais a thabhairt ar achan teaghlach sa paróiste achan cupla mí. Mar shampla agus mise ag obair sa meánscoil cailíní, thabharfinn cuairteanna do teaglach ag achan cailín sa ceathrú rang (15/16 bliain d'aois) idir meán Fhómhar is an Cáisc - 400 teaglaigh ina iomlán. I rith na cuirteanna, thug mé cuireadh dosna thuismitheorí chun freastail ar cruinnithe leis an fhoireann oidis creidimh ag an scoil.

An-thábhachtach a ba é an tionchar orm den dlúthchaidreamh ar fhás den teagmhálacha pearsanta sin..... Fáth mo shocrú leis éirí as an maorlathas cléiriuil a ba é; agus doimhnigh is daingnigh sé ionam an meon sóisialaíoch agóideach a bhí - is a mbíonn fós - ag Clainne an Gorta Mór anseo i Learpholl. Ba ag an tráth seo gur thosnaigh mé fréamhacha Gaelacha ag muintir m'athar a fháil, i dteannta leis an  'éireannachas' ag muintir mo mháthar....

Dá bhrí sin, bíonn díomá an-mhór, ar na mallaibh, agus mé ag amharc ar clár teilifíse TG4 faoi créideamh mna in Éirinn; Meon na mBan a dtugtar ar an sraith uile. Fáth an díomá?.....gurbh ina mna 'galánta' iad ó The Beautiful People, ina daoine snásta, oilte, gealghaireacha, bogásacha fiú.....is an líofa as an Ghaeilge. 'S doigh liom narbh ina cosúlacht sin a raibh Máire Nic Aoidh (1821-1888, í ina bean-chéile Féilimí Ó Riabhaigh) as Ráthchorr a ba í - féach ar an blág roimh an ceann seo. Agus ní raibh tagairt ar bith do chreideamh simplí sa saol eile a raibh ag Clainne an Gorta Mór.

Agus - an rud is measa - ní raibh siad dearga le fearg faoin leatrom a mbíonn ar droma daoine an cosmhuintire - ní in Éirinn ná sa domhan mór. Gan dtuiscint ar bith a ba iad de réir dealramh faoin theachtaireacht réabhlóideach, sóisialach a bíonn ina croílár an soiscéil ag Íosa as Nazareth. Gan tuiscint ar bith a ba iad nach ina mhothú taitneamhach é an creideamh Abrahamach ná ina chonclúid in argóint fealsúnach. Is ina rogha bunúsach é: rogha a thógáil ar son na 'bochta', ar son an cosmhuintir. Ponc!

Is feiminí mise: sin é go bhfuil aithne agam gur bunusacha marthanacha iad fós torthaí na réabhlóide paitriarcach réamhstairiúil. Déanaim mo dhícheall a troid leis imo shaol pearsanta agus sa sochaí imo thimpeall. Mar sin féin is ina haon chuid amháin den coimheascar leis an sclábhaíocht paitriarcach níos leithne é. 'S lochtach ó fréamh é gan aire a thabhairt ar torthaí ó leatrom an córais paitriarcach ar an cosmhuintir i gcoitinne. Is réabhlóid cuimsitheach a mbíonn de díth orainn....

Dá bhrí sin, tíolacaim an ceol seo dosna mna ar thug dom na rudaí is luachmhaire imo shaol: an beatha féin is an ghrá te is bog ó Síle Ni Cráith agus an dlúthchaidreamh leis na mna den cosmhuitir Learphollach-Éireannach. 'S tochtmhar a mbím i gcónaí fá dtaobh daoibh......



.......is buíoch atáimse don mhisneach ar thug siad go léir dom chun mo pháirte bídeach a dhéanamh sa réabhlóid Abrahamach.....

Slán go fóillín!

; )) xxx.......xxxx.......xxxxx..............................................................XX...............................x

No comments:

Post a Comment