Friday 25 September 2015

LLANDUDNO?....aon ní fónta as?.....

Is diagaire de chineál éigin mise. Ach ar ndoigh de cén short, agus cén fáth diagacht a scriobh as an Ghaeilge? Ní líofacht agam as teanga mo shinsir, cinnte. Ach mar a scríobh mé i mblág eile ar na mallaibh, bím ag labhairt leis na sinsir i rith achan lae....Rud aisteach é? B'fhéidir níl ann ach mo thuairim féin-mheallaithe ar chor ar bith!

Tá cuimhne an-shoiléir agam fós ar laethanta saoire a chaithimid sa mBreatain Beag agus Rachel is Seán ina leanaí beaga. Rinne muid cuairteanna uaireannta ar tithe phobail sa dtuath ar a bhfuil ainm 'naoimh' áitiúil orthu. 'S mo thuairim é nach ina daoine naomhainmnaithe leis an chléir iad ach a raibh siad ina 'ceannairí' móra-le-rá tráth.

Bhí creideamh an-láidir sa saol eile i measc an phobail Breatnaigh. 'S cinnte gur mairbh amach is amach iad na sinsir; mar sin féin tá siad  beo beathach fós i dTír na nÓg, nach ina seandaoine níos mó. Dá bhrí sin, a raibh muinín ag an cosmhuintir iontu mar gheall ar an comhairle ar thug siad fós fá dtaobh de gnáthchúrsaí sa saol seo. Tá siad ina baill den clann - llan Breatnais - fós. Sin an fáth go mbionn llan roimh mórán logainmneacha sa Bhreatain Beag..... Llandudno (clann ag Tudno) mar shampla...

   St TUDNO'S CHURCH.JPG

                                                       Teach Phobail Tudno

Is ar Pen y Gogarth a bhfuil suite é an Teach Phobail Tudno - Pen y Gogarth sin é 'ceann an fargáin', ina áit doshroichte........an Orme (dragan - as Ioruais) Mór.
                         
                            Image result for the great orme pics

 Bhí Tudno ina chónaí ann fadó fadó. De réir dealramh, ina cheannaire Brythonneach a ba é Tudno ar ndeachaigh chuig an áit aonaránach seo  nuair a baíodh a thailte sinsearacha (i ndeisceart an Bhreatain Bhig) leis an fharraige. Thaisteálaigh sé ó thuaidh agus bhain sé faoi ar mullach sléibhe cois farraige. Is léir é gur chruinnigh sé pobal nua ina thimpeall is gur raibh meas an pobail air. Leanaigh siad muinín a bheith acu i dTudno fiú tar éis a bháis - agus iad ag lorg a chomhairle praiticiúila sna cúrsaí laethúila sa Teach Phobail.

                                   

    (Gogledd - Tuaisceart; Cannolbarth - Lár na Tíre; Gorllewin - An Taobh Thiar Theas; De - An Deisceart)

Níl ach tar éis teachta na cléire Críostaí,áfach, gur rinneadh naomh de. Thug an cléir Críostaí an córas cliarlathach Rómhánach impiriúil leo, mar a rinne Pádraig in Éirinn. Córas sotalach a ba é. Dá bhrí sin, níor fhiú iad ar roghnaigh an chosmhuintir a bheith in 'naomh' go huathoibríoch; níor fiú ach leis baill den uasalaicme a bheith ina seasamh i 'cúirt' Dé. Mar cosúil leis an cúirt impiriúil a bhí cúirt Dé. Agus ní raibh Dia féin - de réir na diagachta impiriúil - i ndlúthchaidreamh leis an cosmhuitir ar chor ar bith. Bhí gá acu leis idirgabhálaí.....

Chuir an diagacht seo an tsoiscéal Íosa as chuma, bunoscionn. Thar na blianta chuir siad deireadh leis an réabhlóid Abrahamach go hiomlán, á fhiar ó chúrsa go dtí an lá inniu. Is miniú é nach bhfuil ach an 'Papa' arbh 'fhéidir' - agus sin de réir dlí canónta caitliceach - naomhainmniú! 

Is in aghaidh na frithréabhlóide seo é a scríobhaim bláganna as Sacs-Béarla agus as Gaeilge. An frithréabhlóid impiriúil?....Sin é an fáth gur éirigh mé as an cliarthas ach gur dhiúltaigh mé éirí as dualgas an soiscéal a craobhscaoileadh. Ní féidir liom á dhéanmh le linn ceiliúradh na Eocairiste ach déanaim é ar Facebook (Mike Ravey) agus ar Twitter (AnRiabhach).....agus sna bláganna.

Dearbhaíonn an soiscéal de réir Íosa as Nazareth gur maith é achan cine, achan cultúr, achan duine ar choinioll gur dílis é don réabhlóid Abrahamach. Dearbhaíonn an soiscéal nach a mbíonn údarás ar bith i gceannas orainn sa saol seo ach Dia amháin agus nach 'Dia' ach ina phearsantú ceartais simplí is grá ceanúil bog. Mar a léirtear:

Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d'fhógair sé:

'A Thiarna, a Thiarna,Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dilseacht; leanann sé de buanghrá i léithna milte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann aon ní gan díolt , ag agairt cion na n-aithreacha ar an gclann agus ar chlann naclainne go dtí an triú agus an ceathrú glúin'.

(Eaxados 34:6)

Níl ina leabhair rúndiamhracha iad leabhair an 'Bíobla'. Is ina leabharlann de scríbhinní é, ina scríbhinní snoíte le baill den cosmhuintir agus iad faoi leatrom dúr le cianta cairbreacha. Is ina leatrom forleathan iad na 'peacaí an domhain' paitriarcach. Agus is linne go léir é an 'Bíobla', leis achan pobal a mbíonn faoi leatrom paitriarcach. In áit de 'Iarúsaléim', léigh 'Béal Feirste' mar shampla, nó 'an cléir atá againn' in áit 'na Fairsínigh'. Óir tháinig Íosa as Nazareth, glan in aghaidh an córas seo. Tháinig sé:

chun tine a chaitheamh ar an talamh...agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh féin! (Lúcás 12:49)

Diomaite den bhéim seo ar ceartas is ar cineáltas, agus é ina bhun agus barr ag na gaolta eadrainn, ní teachtaireacht eile sa 'Bíobla' ach gur inghlactha é achan cine is achan cultúr. Ní monaplacht ar bith ag na Ghiúdaígh, ag na Críostaí, nó ag na Moslamaigh ar dlúthchaidreamh le 'Dia', agus í nó é ina fuinneamh pearsanta a beoíonn an cruinne.....Is mícheart amach is amach í achan chóras cléiriúil a diúltaíonn an léargas soiscéalach seo.

I measc b'fhéidir an formhór desna cultúir sa domhan, bíonn creideamh an-láidir is seasmhach go bhfuil beatha tar éis báis. Is creideamh i 'nDia' a gceanglaítear é leis an creideamh sa saol eile sin. Agus ní 'Críostaí' ach áitiús daonna iad an bheirt acu. Is cosúil é an creideamh Ceilteach é leis an creideamh ag na dúchasaigh sna Meiriceáí, mar shampla, is leis ollmhór na cultúir trasna an domhain is trasna na staire. Is ina dhiagacht daonna go firinneach é ach diagacht cuimsitheach a miníonn an dlúthcheangal idir an ceartas is an ghrá sa saol seo is sa saol eile agus an saol seo. 

Ní dhéanaim staidéar ar diagacht chun an saoil eile a thuiscint go shimplí ach chun á athrú an saol seo ó bhun go barr de réir an dearcaidh cuimsitheach is comhchoitianta seo. Níl ábhar cráifeach í cosúil leis an diagacht de réir an dlí canónta - de réir rialacha cléiriúila faoi iompar gnéasach mar shampla. Is diagacht fior í an creideamh réabhlóideach Abrahamach, ina togra praiticiúil chun an saoil seo a athrú de réir caighdeáin an saoil eile. Agus mise imo Chríostaí, faighim an caighdeán seo sa tsoiscéal is snár traidisiúin sinsireacha.......

Nílimid inár aonar sa saol seo agus sinn ag an réabhlóid a chur chun cinn. Bíonn ár sinsir thart timpeall orainn, mar a scríobh sagart Giúdach sna scríbhinní soiscéalacha:

Ar an ábhar sin, os rud é go bhfuil slua mór sin d'fhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach...agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagatha amach romhainn....(Eabhriagh 12:1).

Sin é an fáth gur thóg ár sinsir 'Tithe Phobail' ar suímh ar raibh sinsir cailiúla ina gcónaí ann tráth - mar gur thóg na Breatnaigh Llandudno. Ina áiteanna a ba iad ina raibh ceiliúrtha pobail ann - amanna iad ag chomhairle a iarraidh, amanna iad ag buiochais a thabhairt dosna shinsir le ceol is le damhsa. Teach Phobail go fior a ba é - nach ina teach an sagairt é nó teampall 'naomh' ar chor ar bith, ach ina Theach ag an cosmhuintir.......

Fadó fadó agus mé imo shagart cunta óg i paroiste anseo i Kirkby, d'eagraigh muid gur thosaigh ceiliúradh Eocairiste roimh Nollaig le damhsa le cailíní as an meánscoil áitiúil - iad ina mamanna an am faoi láthair! B'fhearr liom san am faoi láthair a bheith ag damhsa leo sa Teach Phobail achan Domhnach fós. Ina réamhimeacht an damhsa a bheadh sé, i dteannta leis na 'mamann' sin agus iad ina cailiní arís i dTír na nÓg!



Slán go fóillín!

; ) xxx.............xxxx...............xxxxx...........xxxxxxxx.................xxxxxxxxxxxxx....X


No comments:

Post a Comment